Irish

Mé Féin agus Mo Shaol







Mo Thaithí Oibre

Is mise Aisling. Chaith mé gach Céadaoin ag obair i mo shean-bunscoil. Bhí mé an-neirbhíseach go leor an chéad mhaidin agus mé ag bualadh leis na múinteoirí a bhí agam nuair a bhí mé ag freastal ar an scoil, ach bhí siad an-chairdiúil agus chuir siad céad míle failte romham.

Thosaigh mé ar a naoi a chlog agus bhí mo loín ag a haon a chlog. Chríochnaigh mé ar a trí a chlog. Chaith mé éadaí deasa agus neamhfhoiriúla. Mrs Mary Pierce an t-ainm atá ar an duine a bhí i gceannas orm.

Bhí mé ag cabhrú leis an múinteor sa seomra ranga agus ag fanacht amuigh leis na páistí nuair a bhi siad sa chlós ag am sosa.

Bhí an-spórt agam ag sugradh leis na daltaí sa chlós ach bhain an-sult as an seomra ranga. Níor thuig mé riamh an meid atá i gceist le hobair an mhúinteora!

Cé go raibh sé an-ghnóthach bhí mé túirsiuil as agus tá mé lánchinnte anois go teastaíonn uaim a bheith i mo mhúinteoir. Beidh orm obair go dian don Ardteist mar go bhfuilpointí arda ag teastáil chun freastal ar chúrsa múinteoireacha san Ollscoil Magh Nuad.




No comments:

Post a Comment